skip to main content

Olltoghchán gairthe ag Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak

Fliuch báite: Rishi Sunak ag fógairt an olltogcháin ar Shráid Downing inniu
Fliuch báite: Rishi Sunak ag fógairt an olltogcháin ar Shráid Downing inniu

Tá olltoghchán gairthe gan choinne ag Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak.

I ráiteas a rinne sé ar leaca fliucha Shráid Downing go gairid tar éis 5 a chlog tráthnona inniu, d'fhógair Rishi Sunak gur Déardaoin an 4 Iúil a reáchtálfar an t-olltoghchán.

B'fhéidir gur teir a bhí san fhearthainn a bhí ag doirteadh anuas air agus é ag caint óir dealraítear gur ag giorrú leis féin mar Phríomh-Aire atá sé agus go dtabharfaidh an pobal cúl don Pháirtí Caomhach.

Glactar leis, faoi láthair ar aon chor, gurb é Páirtí an Lucht Oibre a bheas i gcumhacht agus gurb é ceannaire an pháirtí sin Keir Starmer a bheas ina Phríomh-Aire i ndiaidh an olltoghcháin.

Tá an Lucht Oibre go rábach chun tosaigh ar na Tóraithe go deimhin – 20% de réir na bpobalbhreitheanna.

Gan trácht ar an bpobal, tá nimh san fheoil ag daoine sinsearacha ina pháirtí féin do Rishi Sunak ó ceapadh ina Phríomh-Aire é i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus is cosúil gur faoi anáil an fhaltanais sin – chomh maith le neart trioblóidí eile – a rinne sé an cinneadh olltoghchán a ghairm.

Mar le Tuaisceart Éireann, tá ocht dtoghcheantar déag ann agus is duine amháin a thoghtar i ngach ceann acu.

Faoi láthair, tá ocht suíochán ag an DUP, seacht gcinn ag Sinn Féin, dhá cheann ag an SDLP agus ceann amháin ag Páirtí na Comhghuaillíochta.

Ní ghlacann Sinn Féin aon pháirt in imeachtaí Pharlaimint Westminster, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ