I gcúirt san Iúr i gCo an Dúin inniu, dúradh go ndeimhneofar i mí Iúil an gcuirfear nó nach gcuirfear iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile ar a dtriail faoi chionta gnéasacha atá curtha ina leith.
Ní raibh Jeffrey Donaldson, atá 61 bliain d'aois, ná a bhean chéile Eleanor, atá 58 bliain, ní raibh siad i láthair na cúirte nuair a rinneadh athbhreithniú ar an gcás ina n-aghaidh inniu.
Thug abhchóide ón tseirbhís ionchúiseamh le fios sa chúirt nach raibh aon mhoill sa chás agus go raibh sé ag dul chun cinn mar ba cheart.
Aon chúis déag atá curtha i leith Jeffrey Donaldson, lena n-áirítear éigniú agus gníomh ró-mhígheanasach le leanbh.
Líomhnaítear go bhfuil beirt íospartach ann ach níl cead a n-ainmniú.
Ceithre chúis maidir le cabhrú le ciontóir agus neartú lena chionta atá curtha i leith Eleanor Donaldson.
Na cúiseanna ar fad atá curtha i leith na lánúine, baineann siad leis an am a caitheadh agus tá na líomhaintí á séanadh go láidir ag an mbeirt acu.
Déanfar athbhreithniú eile ar an gcás ar an 12 Meitheamh agus beidh réamhéisteacht faoin triail ann ar an 3 Iúil.
Feisire parlaiminte do thoghcheantar Ghleann an Lagáin is ea Jeffrey Donaldson ach dúirt a aturnae le RTÉ inniu nach mbeadh sé ina iarrthóir sa chéad olltoghchán eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ