skip to main content

Líon othar a bhásaigh ar thralaithe in Ospidéal Luimnigh nochta

Bhásaigh suas le 239 othar ar thralaithe in Ospidéal Ollscoile Luimnigh idir 2019-2023
Bhásaigh suas le 239 othar ar thralaithe in Ospidéal Ollscoile Luimnigh idir 2019-2023

Bhásaigh suas le 239 othar ar thralaithe sa rannnóg éigeandála in Ospidéal Ollscoile Luimnigh agus iad ag fanacht le leaba i mbarda i gcaitheamh na gcúig bliana idir 2019 agus 2023, de réir figiúirí nua.

Nochtadh na figiúirí sa chruinniú míosúil d'Fhóram Sláinte Réigiún an Iarthair a raibh comhairleoirí áitiúla ó gach contae idir Dún na nGall agus Luimneach i láthair aige.

Is é an Comhairleoir Cillian Murphy, Fianna Fáileach as Co an Chláir, a d'iarr na figiúirí.

Agus í ag tabhairt freagra ar an gComhairleoir Murphy, dúirt príomhfheidhmeannach Ospidéal Ollscoile Luimnigh, Colette Cowan, go n-áirítear i measc an 239 othar daoine a raibh leaba curtha in áirithe dóibh ach a bhásaigh idir dhá linn.

Ní áirítear sna figiúirí daoine a bhásaigh sular bhain siad rannóg éigeandála an ospidéil amach, ná daoine a bhí go dona tinn agus ar cuireadh cóir leighis orthu láithreach ach a bhásaigh ina dhiaidh sin.

An mhí seo caite, dúirt Cróinéir Luimnigh John McNamara go raibh lochtanna móra córasacha in Ospidéal Ollscoile Luimnigh nuair a bhásaigh an déagóir Aoife Johnston ann in 2022 agus thug sé le fios go raibh imní air go raibh lochtanna ann i gcónaí.

Dúradh sa choiste cróinéara go raibh meiningíteas baictéarach ar Aoife Johnston ach nár tugadh antaibheathaigh di in am.

Dúradh go raibh sí ag fanacht cúig huaire an chloig déag sular tugadh an cógas leighis di agus tugadh le fios gurbh iad an easpa foirne agus an trangláil othar a bhí i rannóg éigeandála an ospidéil ag an am ba chionsiocair leis an moill.

Bíonn i bhfad níos mó othar ar thralaithe go rialta in Ospidéal Ollscoile Luimnigh ná in aon ospidéal eile sa Stát.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris i nDáil Éireann i dtús na míosa seo go raibh "ceisteanna móra" ag baint leis an gcaoi a raibh Ospidéal Ollscoile Luimnigh á riar, go háirithe ó bhí níos mó dochtúirí agus altraí ag obair ann faoi láthair ná mar bhí riamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ