Rinneadh ionsaí buama píopa aréir ar fhoirgneamh díomhaoin in iardheisceart Bhaile Átha Cliath a rabhthas ag cuimhneamh ar iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a chur a chónaí ann.
Lasadh Teach Naomh Eoin ar an tSráid Ard i dTamhlacht nuair a phléasc an buama píopa ann ag thart ar 11 a chlog aréir.
Cuireadh fios ar na seirbhísí dóiteáin agus mhúch siad an tine go gairid ina dhiaidh sin.
Níor gortaíodh aon duine mar gheall ar an ionsaí.
Arú aréir, rinneadh damáiste do shuíomh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gCluain Meala i gCo Thiobraid Árann a bhfuil thart ar 80 teifeach ón Úcráin le cur a chónaí ann.
hIonsaíodh oibrithe slándála ar an suíomh céanna oíche Déardaoin seo caite agus rinneadh damáiste do roinnt feithiclí.
Tugadh duine de na hoibrithe slándála chuig an ospidéal.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ