Tá sé ag tolgadh stoirme agus tá fógra flannbhuí toirní agus báistí eisithe ag Met Éireann maidir le cúig chontae san oirdheisceart.
Is iad Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge agus Tiobraid Árann na contaetha atá i gceist.
Tháinig feidhm leis an bhfógra flannbhuí ag 1.45 tráthnóna agus tiocfaidh deireadh leis ag 8 a chlog anocht.
Deir Met Éireann go bhféadfadh maidhmeanna tuile a bheith in áiteanna sna cúig chontae sin agus go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do línte cumhachta dá mbíthin.
Moltar do thiománaithe gan cur chun bóthair le linn na stoirme mar gurbh fhurasta dul amú de dhíobháil léargais ar an mbealach agus dul in ascar i ndíog.
Tá fógra buí aimsire eisithe maidir le gach uile chontae eile sa Stát, seachas Ciarraí a thiocfas slán ón gcuid is measa den doineann.
Tháinig feidhm leis an bhfógra buí ag 1.15 tráthnóna agus tiocfaidh deireadh leis ag 10 a chlog anocht.
Siúd is nach mbeidh an colg céanna san anfa ina dhiaidh sin, beidh an chorrstoirm thoirní ann i gcónaí agus beidh ceathanna scaite báistí in áiteanna i gcaitheamh na hoíche freisin.
Ó thuaidh, tá fógra buí stoirme eisithe ag na meitéareolaithe maidir le gach ceann de na sé chontae.
Tháinig feidhm leis an bhfógra sin ag 8 a chlog ar maidin agus tiocfaidh deireadh leis ag 9 a chlog anocht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ