Tá tuilleadh puball bainte anuas ag na húdaráis agus tá bacainní curtha suas acu ina n-áit le taobh na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath.
Oibrithe ó ghníomhaireachtaí éagsúla Stáit a chuaigh i mbun na hoibre ag 7.30 ar maidin inniu.
Thart ar 100 puball beag a glanadh as an mbealach le hais na canála ag Ardán Wilton.
Fir ón iasacht a bhfuil iarratas ar thearmann in Éirinn déanta acu a bhí i mbunáite na ndaoine a bhí ag cur fúthu sna pubaill.
Gníomhaireachtaí eile Stáit – seachas an dream a chuir an ruaig orthu ar maidin – a thug na pubaill do na fir de bhrí nach raibh aon lóistín eile ar fáil dóibh.
I ráiteas, thug an Rialtas le fios gur tairgeadh áit chónaithe do 89 de na fir ar maidin.
Is san Oifig um Chosaint Idirnáisúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach, cúpla céad méadar ó thuaidh ón gCanáil Mhór, a dhéanann eachtrannaigh iarratas ar thearmann.
Bhí pubaill curtha suas lasmuigh den oifig agus in ionaid eile le hais na canála níos gaire don oifig le roinnt seachtainí.
Ghlan na húdaráis as a mbealach iad, áfach, agus cuireadh bacainní suas ina n-áit le nach bhféadfaí campáil arís ann.
An tseachtain seo caite, d'fhógair an Tánaiste Micheál Micheál go rabhthas le mórionad cónaithe d'iarrthóirí tearmainn a bhunú ar shuíomh in iarthuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a raibh príosún le tógáil air tráth.
Tá os cionn 160 acra sa suíomh i Halla Bhaile na Sceach i gCill Shalacháin a bhfuil saoráidí lónadóireachta, leithris agus níocháin ann cheana féin.
Meastar go nglacfadh sé thart ar cheithre seachtaine nó beagán os a chionn sin an áit a athchóiriú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ