skip to main content

Treoirlínte nua don earnáil fuinnimh gaoithe geallta ag an Taoiseach

Torann ó rothlú na lián ar thuirbíní gaoithe ag cur as go mór do phobail áitiúla (Stoc-íomhá)
Torann ó rothlú na lián ar thuirbíní gaoithe ag cur as go mór do phobail áitiúla (Stoc-íomhá)

Tá sé geallta ag an Taoiseach Simon Harris go dtabharfar isteach treoirlínte nua maidir le feirmeacha gaoithe faoi dheireadh na bliana.

Thug Simon Harris le fios go gcreideann sé go láidir go gcaithfear cur leis an méid fuinnimh gaoithe a ghintear sa tír seo, ach ní mór é sin á dhéanamh, arsa sé, ar bhealach a mbeidh glacadh ag pobail áitiúla leis.

Chuige sin, a dúirt sé, leasófar na treoirlínte a tugadh isteach in 2006 agus a bhfuil feidhm leo ó shin.

Ag labhairt a bhí an Taoiseach i bhfianaise agóid a bhí ag daoine ó scátheagraíocht náisiúnta taobh amuigh de Dháil Éireann inniu.

Tá grúpaí pobail as fiche contae rannpháirteach sa scátheagraíocht atá ag éileamh treoirlínte nua le fada.

Istigh sa Dáil, mhaígh an Teachta Dála Neamhspleách as Co Luimnigh, Richard O'Donoghue, nach bhfuil leanaí nuabheirthe i gceantair áirithe in ann dul a chodladh mar gheall ar an torann ó thuirbíní gaoithe atá suite róghar dá dtithe.

Dúirt sé go bhfuil na rialacháin seanchaite agus go gcaithfear cur leis an bhfad a cheadaítear idir tuirbíní gaoithe agus tithe cónaithe.

Tá leibhéal an torainn ó na liáin a cheadaítear sa tír seo dhá oiread níos airde ná an leibhéal a cheadaítear san Astráil, a dúirt sé.

D'iarr an Teachta Dála Neamhspleách as Gaillimh Thoir, Seán Canney, tús áite a thabhairt do dhaoine sna treoirlínte nua.

Tar éis an tsaoil, arsa sé, tá daoine tábhachtach agus teastaíonn uathu a gclann a thógáil in áit shábháilte.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ