skip to main content

Fear maraithe i dtimpiste bóthair i gCo Uíbh Fhailí

Fear sna tríochaidí maraithe i dtimpiste bóthair in aice le hÉadan Doire i gCo Uíbh Fhailí
Fear sna tríochaidí maraithe i dtimpiste bóthair in aice le hÉadan Doire i gCo Uíbh Fhailí

Maraíodh fear sna tríochaidí nuair a d'imigh an gluaisteán a bhí sé a thiomáint den bhóthar in aice le hÉadan Doire i gCo Uíbh Fhailí aréir.

Tharla an timpiste ar bhóthar an L1005 i mBreacánach gar do Chluain Bolg ag thart ar 11 a chlog aréir.

Ní raibh aon duine eile sa charr agus ní raibh baint ag aon fheithicil eile leis an tionóisc.

Tá na Gardaí í dTulach Mhór ag achainí ar aon duine a bhí ag tiomáint sa cheantar ag an am agus a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu teacht chun cainte leo.

Fágann an tubaiste is deireanaí gur 79 duine atá maraithe i dtimpistí bóthair sa Stát ó thús na bliana, i gcomparáid le 64 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ