skip to main content

Polasaí tithíochta an Rialtais 'neamhéifeachtach' – tuarascáil

'Athrú ó bhonn' ar pholasaí tithíochta an Rialtais ag teastáil – tuarascáil
'Athrú ó bhonn' ar pholasaí tithíochta an Rialtais ag teastáil – tuarascáil

Molann an Coimisiún Tithíochta polasaí tithíochta an Rialtais a athrú ó bhonn agus cloch bhoinn nua straitéiseach a chur faoi d'fhonn dul i ngleic leis an easnamh mór áiteanna cónaithe sa Stát.

I dtuarascáil a chuir an Coimisiún Tithíochta faoi bhráid an Aire Tithíochta Darragh O'Brien i dtús na míosa seo, deirtear go bhfuil suas le 256,000 áras cónaithe de dhíth ar fud na tíre faoi láthair.

Ní mór, a mhaítear sa tuarascáil, gníomhnú go práinneach le freastal ar an riachtanas seo.

Tá sé de chúram ar an gCoimisiún Tithíochta – a bunaíodh mar chuid de Chlár an Rialtais – gach ceist a bhaineann le cúrsaí títhíochta sa Stát a iniúchadh.

Cáintear cur chuige ginearálta an Rialtais sa tuarascáil a ndeirtear ann go bhfuil na cinntí a dhéantar neamhéifeachtach, go bhfuil na polasaithe a chuirtear i bhfeidhm frithghníomhach nó iarghníomhach agus go bhfuiltear ródhrogallach dul i bhfiontar.

Le dul i ngleic leis an easnamh atá ann i láthair na huaire, a deirtear, chaithfí 23,500 teach nua nó árasán nua a thógáil gach bliain as seo go 2030. É sin gan an t-easnamh breise a thagann i gceist gach aon lá a chur san áireamh.

Tá sé geallta ag an Rialtas 33,000 áras cónaithe nua a sholáthar gach bliain ar an meán idir 2022 agus 2030.

Le freastal ar an riachtanas idir 2025 agus 2034, áfach, measann an Coimisiún Tithíochta go gcaithfí 56,000 áras cónaithe nua a sholáthar gach bliain.

Mar bharr ar an olc, deirtear sa tuarascáil gur sa tír seo thar bhunáite thíortha eile an Aontais Eorpaigh a chaitear an céatadán is mó d'airgead poiblí ar thithíocht ach go bhfuil na torthaí sa tír seo níos neamhéifeachtaí ná na tíortha eile sin.

Ar a shon sin, glactar leis go bhfuil ceisteanna áirithe sa tir seo ag cur moill ar an dul chun cinn, cuir i gcás, ráta ard an boilscithe sa tionscal tógála agus riglisnéis mhaorlathach an chórais phleanála.

Mar le maoiniú, tugtar le fios sa tuarascáil go dteastaíonn idir €16 billiún agus €20 billiún sa bhliain leis an líon áiteanna cónaithe a theasataíonn a sholáthar.

Ba cheart don Stát agus d'fhorbróirí príobháideacha araon an t-airgead sin a chur ar fáil, a deirtear.

Sa bhuiséad deireanach, lamháladh €5.1 billiún don Roinn Tithíochta le haghaidh tograí caipitil.

Meastar freisin thart ar €6 bhilliún a bheith á chaitheamh sa mhargadh gach bliain ag forbróirí príobháideacha.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ