Ba le cúrsaí oideachais a bhain 40% den bheagnach 1,800 gearán a rinneadh le hOifig Ombudsman na Leanaí anuraidh, de réir thuarascáil bhliantúil an Ombudsman an Dr Niall Muldoon.
Ba le cúrsaí sláinte agus leis an ngníomhaireacht Tusla a bhain 23% de na gearáin agus ba le cúrsaí tithíochta a bhain 7% díobh.
Is iad na leanaí féin thar a dtuismitheoirí ná a gcaomhnóirí a rinne 3% de na gearáin.
Mar sholaoid ar na deacrachtaí a bhíonn ag leanaí a bhíonn ag plé leis an Státchóras, tarraingítear aird sa tuarascáil ar an gcaoi ar caitheadh le hógánach sé bliana déag atá i gcathaoir rothaí a mb'éigean dó codladh sa seomra suí agus comód a úsáid mar nach raibh na doirse ina theach sách leathan.
Deir an Dr Muldoon sa tuarascáil go bhfuil an Stát ag loiceadh ar leanaí atá faoi mhíchumas agus ar leanaí atá faoi chúram an Stáit.
Cáineann sé an Rialtas go háirithe faoi gan a chinntiú go bhfuil dóthain áiteanna i scoileanna na tíre do leanaí.
Dar leis go bhfuil riachtanais leanaí curtha ar an méar ag an Rialtas agus go bhfuiltear ag díriú ar cheisteanna eile faoi láthair, cuir i gcás, an ganntanas tithíochta, an costas ard maireachtála agus an inimirce.
Rud is ait, a dúirt an Dr Muldoon agus é ag labhairt ar RTÉ ar maidin inniu, is cosúil nach dtuigeann an Rialtas go dtéann ceist na tithíochta agus ceist an chostais mhaireachtála, go dtéann na ceisteanna sin i gcion ar leanaí thar aon dream eile sa tír.
Dá gcomhlíonfadh an Rialtas na gealltanais ar fad a thug siad, arsa sé, ní bheadh leanaí sa ghátar ina bhfuil siad i láthair na huaire.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ