Tá sé deimhnithe ag an Iaráin gur maraíodh an tUachtarán Ebrahim Raisi chomh maith le Aire Gnóthaí Eachtracha na tíre Hossein Amirabdollahian, agus seisear eile a bhí ar bord ingearáin a thuairt inné.
Tá Leas-Uachtarán na hIaráine Mohammad Mokhber ceaptha ina Uachtarán eatramhach.
Tá 5 lá bróin fógartha ag an Iaráin tar éis bháis an Uachtaráin a bhí 63 bliain d'aois.
Maidin inniu a d'éirigh le buíon chuardaithe a ghabháil chomh fada leis an ingearán a thit go talamh i gceantar sléibhte i dtuaisceart na tíre.
Níos túisce inniu dhearbhaigh Ard-Cheannasaí na hIaráine Ali Khamenei gurbh é Mohammad Mokhber a bheidh ina Uachtarán anois go heatramhach.
Faoi bhunreacht na hIaráine caithfidh toghchán a bheith ann as seo go ceann 50 lá.
Tuairiscítear go bhfuil comthuisicnt ar leith idir Mohammad Mokhber agus Ali Khamenei, ag a mbíonn an focal scoir faoi gnóthaí stáit.
Ó toghadh Ebrahim Raisi i 2021 tá na dlíthe faoin moráltacht tar éis géarú agus bhí sé an-dian ar lucht agóide a bhí in aghaidh an Rialtais.
Tá a bhás cásaithe le muintir na hIaráine ag comhghuaillithe; an Araib Shádach, an Eigipt agus an Phacastáin.
Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go mba dlúthchara de chuid na Rúise ab ea Raisi.
Bhí moladh mór don Uachtarán básaithe inniu freisin ó Hezbollah sa Liobáin agus Gluaiseacht na Houthi san Éimin.
Measann lucht tráchtaireachta go bhfuil coimhlint cumhachta i ndán san Iaráin, corraíl a b'fhéadfadh iarmhairtí móra a bheith aige san MeánOirthear agus níos faide i gcéin.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Máire Ní Bhraonáin ar Nuacht TG4 ag 1900.