skip to main content

Triúr cúisithe faoi dhúnmharú Kathryn Parton in oirthear Bhéal Feirste an tseachtain seo caite

34 a bhí Kathryn Parton
34 a bhí Kathryn Parton

Tá triúr tugtha os comhair cúirte ó thuaidh faoi dhúnmharú mná i dteach cónaithe in oirthear Bhéal Feirste an tseachtain seo caite.

Fritheadh Kathryn Parton, a bhí 34, básaithe sa teach ar Shráid Madrid Dé Céadaoin.

Sa gcúirt inniu cúisíodh Jamie Love, 23 bliain d'aois, le dúnmharú agus le drochíde teaghlaigh.

Cuireadh cúisimh i leith a mháthar Suzanne Love, atá 43 agus a bhfuil cónaí uirthi ar Shráid Isoline, faoi chúrsa na córa a shaobhadh tré fhianaise a scriosadh.

Cuisíoidh freisin í le cabhrú agus neartú le duine bannaí a shárú.

Cúisíodh Reece Oliver, atá 22 agus a bhfuil cónaí air ar Ascaill Bhaile an Chaisleáin, le cabhrú agus neartú le ciontóir bannaí a shárú.

D’inis bleachtaire de chuid an PSNI don chúirt nach raibh deimhniú críochnúil fós ar cén uair go díreach a maraíodh Kathryn Parton, ach dúirt sí gur facthas go deirneach ina beatha í, an 9ú Bealtaine agus í i gcuideachta a páirtí Jamie Love sa teach ar Shráid Madrid.

Dúirt dlíodóir thar ceann Suzanne Love gurbh é an 9ú lá an uair dheirneach a chonaic Suzanne Love í. Bhí Kathryn Parton a dúirt sí gortaithe agus í ag caoineadh ach bhí sí ina beatha.

A hathair a chuir fios ar na seirbhísí éigeandála a dúirt an bleachtaire nuair a tháinig sé ar a iníon gortaithe go dona, gan í ag análú agus í fuar.

Tháinig na póilíní ar chorp na mná ar an urlár le taobh na leapan agus í clúdaithe le fuil.

Cuireadh an triúr siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís iad an 17ú Meithimh.