Tá na mílte - idir thiománaithe bus, cúntóirí ranga agus meitheal eile tacaíochta sna scoileanna i dTuaisceart Éireann - amuigh ar stailc ó mhaidin.
Aighneas faoi phá atá ar siúl le fada atá i gceist agus tá sé beartaithe ag an meitheal a bheith ar stailc as seo go ceann 3 lá agus ar feadh 2 lá sa mbreis an mhí seo chugainn.
Baill as 3 cheardchumann atá i mbun gnímh; Unite, GMB agus NIPSA.
Gan múinteoirí páirteach is iad an lucht oibre nach mbíonn ag múineadh - foireann lónadóireachta agus glantacháin, foireann riaracháin, oibrithe iompair agus meitheal teicniúil - atá ar stailc.
Pá íseal a fhaigheann an dream sin agus ní íoctar iad ach le linn na scoilbhliana.

Beidh iarmhairtí móra ag an stailc go háirid ar dhaltaí atá ag brath ar an gcóras busanna atá ag Údarás an Oideachais.
Beidh Scoileanna Speisialta a bhíonn i dtuilleamaí go leor foireann tacaíochta thíos go mór leis.
Tá na ceardchumainn ag éileamh athbhreithniú ar phá agus ar ghrádanna pá.
Deir an bhainistíocht go gcosnódh an iarphá atá dlite £180m sterling, agus go mbeadh £90m sa mbreis sa mbliain i gceist feasta.
Faoi Fheidhmeannas athbhunaithe Stormont atá sé a theacht ar an maoiniú ach deir siadsan nach bhfuil siad in acmhainn an costas a sheasamh i mbuiséad na bliana seo.
Táthar ag lorg airgid ó státchiste na Breataine i Londain.
Ó cuireadh an Feidhmeannas ar a chosa arís mí Feabhra tá níos mó ná aighneas amháin faoi phá réitithe, agus deir lucht oibre oideachais atá ar an bpicéad inniu nach bhfágfar ar an bhfaraor géar iad féin níos mó.