skip to main content

Deireadh le Operation Transformation tar éis 17 bliain

Bhí grúpa saineolaithe ar bhord an chláir, a chuireadh an chomhairle ar na rannpháirtithe.
Bhí grúpa saineolaithe ar bhord an chláir, a chuireadh an chomhairle ar na rannpháirtithe.

Tá sé fógartha ag RTÉ go bhfuil siad le deireadh a chur leis an tsraith teilifíse Operation Transformation, i ndiaidh di a bheith ar an aer le 17 séasúr anuas.

I ráiteas, thug RTÉ le fios go ndearnadh an cinneadh roinnt seachainí ó shin agus gur cuireadh an scéal in iúl d'fhoireann an chláir.

Cuireadh tús leis an gclár i 2008, nuair a roghnaigh an láithreoir Gerry Ryan rannpháirtithe óna chlár raidió ar 2FM le páirt a ghlacadh ann. Cuireadh comhairle ar fáil dóibh maidir le meáchan a chailliúint, maidir le síceolaíocht agus maidir lena saol a fheabhsu. Bhí grúpa saineolaithe ar bhord an chláir, a chuireadh an chomhairle orthu.

I ndiaidh do Gerry Ryan bás a fháil, ghlac Kathryn Thomas ról an láithreora sa gclár.

Cé go raibh an-tóir ar an gclár i measc an lucht féachana, ba mhinic an chonspóid sna sála aige freisin; bhí sciar áirithe den phobal den tuairim gur ag déanamh ceap magaidh de na rannpháirtithe a bhí sé.

Ghabh an t-eagarthóir coimisiúnaithe, Gráinne McAleer, buíochas leis na ceannairí ar fad a ghlac páirt sa gclár le seacht mbliana déag anuas. Agus dúirt sí go raibh sí brodúil as an tionchar dearfach a bhí ag an gclár ar phobail ar fud na tíre. Ghabh sí buíochas freisin le Kathryn Thomas agus le Gerry Ryan.