Maraíodh gluaisrothaí sna daichidí i dtimpiste bhóthair ar Mhótorbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath ar maidin. Tharla an timpiste nuair a bhuail gluaisrothar agus leoraí in éadan a chéile. Tugadh an tiománaí leoraí, sna caogaidí, go dtí an t-ospidéal.
Tharla an eachtra idir Leamhcán agus Baile Bhlainséir, ag dul ó thuaidh.
Bhí an bóthar dúnta ar feadh seala, ach tá sé oscailte arís anois.
Níos luaithe, bhí fainic curtha ag na Gardaí ar thiománaithe go mb'fhéidir go mbeadh moill mhór i ndán dóibh ar an M50. Bhí comhairle curtha ar dhaoine ag dul i dtreo an aerfoirt níos mó ama a thabhairt dóibh féin.
Deir oibritheoirí an M50 go bhfuil na lánaí ar fad ar an dá thaobh den mhótorbhealach ar oscailt arís.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an eachtra nó a bhfuil ábhar daischeam acu teagmháil a dhéanamh leo