skip to main content

"Seasann muid i ndlúthpháirtíocht le teaghlaigh na marbh" - an tUachtarán Michael D. Higgins

An tUachtarán Michael D. Higgins ag searmanas ar Shráid Thalbóid inniu, i gcuimhne na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe buamála ar BhÁC agus ar Bhaile Mhuineacháin cothrom an lae seo caoga bliain ó shin
An tUachtarán Michael D. Higgins ag searmanas ar Shráid Thalbóid inniu, i gcuimhne na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe buamála ar BhÁC agus ar Bhaile Mhuineacháin cothrom an lae seo caoga bliain ó shin

Tá sé ráite ag Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, go "seasann muintir na hÉireann i ndlúthpháirtíocht" le muintir na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe buamála ar Bhaile Átha Cliath agus ar Bhaile Mhuineacháin, cothrom an lae seo caoga bliain ó shin.

Bhí an tUachtarán Higgins ag labhairt agus é ag leagan bláthfhleisce i gcuimhne na marbh ar Shráid Thalbóid.

Thug sé le fios go gcuireann sé go mór leis an anró agus leis an bpian go bhfuil na híospartaigh ag fanacht le fada ar eolas a bhaineann leis na heachtraí seo caoga bliain ó shin.

"Tá go leor ceisteanna fós le freagairt", a dúirt sé agus "is ceart bunúsach é freagraí a fháil."

"Ach an oiread leis na teaghlaigh agus na híospartaigh ar fad ó thuaidh, tá go leor daoine anseo fágtha gan freagraí le blianta fada."

Dúirt an tUachtarán Higgins freisin gur ó thaobh na moráltachta de, nach féidir iarraidh ar íospartaigh ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na dTrioblóidí dearmad a dhéanamh don mhéid a tharla.

Tá an tUachtarán i láthair ag an ócáid, in éindí leis an Taoiseach, Simon Harris, an Tánaiste Micheál Martin, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin.

Teaghlaigh na n-íospartach, ag an ócáid chuimhneacháin ar Shráid Thalbóid inniu

Maraíodh 34 duine, leanbh sa bhroinn ina measc, sna hionsaithe buamála ar 17 Bealtaine 1974. Gortaíodh suas le 300 duine. Níor cúisíodh ná níor ciontaíodh aon duine riamh sna hionsaithe.

Níos luaithe inniu, bhí aifreann ar siúl i Leas-Ardeaglais Naomh Muire i gcuimhne na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh.

D'fhreastail an Tánaiste agus teaghlaigh na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh ar an aifreann úd.

Léigh Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, Dermot Farrell, amach ainmneacha na marbh ag tús an tsearmanais.

"Níl dearmad déanta orthu", a dúirt sé. "Mairfidh siad inár gcuimhne."

He told those attending that the names represent "lives cut short, hopes destroyed, love and longing taken away from those for whom it was created".

Dúirt sé gur ómós cuí í an tsíocháin atá i bhfeidhm sa tír anois dóibh siúd atá caillte. Agus go seasann an tsíocháin sin ina gcuimhne.