Tá sé ráite ag an Tánaiste, Micheál Martin, go mbeidh Halla Bhaile na Sceach curtha in oiriúint faoi cheann sé seachtaine chun go mbeifear in ann lóistín a chur ar fáil d'iarrthóirí tearmainn ar an suíomh.
Tuairiscíodh inné go bhfuil an Rialtas ag cuimhneamh ar mhórionad cónaithe d'iarrthóirí tearmainn a bhunú ar an suíomh in iarthuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, a raibh príosún le tógáil air tráth.
Tá leithris, córas sláintíochta agus séarachais, cistineacha agus áiteanna le nithe iontu ann cheana féin. Tá an Roinn Lánpháirtíochta agus obair i gcomhpháirt leis an Roinn Dlí agus Cirt agus le Seirbhís Phríosúin na hÉireann chun pubaill a chur in airde ar chuid den suíomh faoi láthair.
Inné, bhí os cionn 90 puball curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le taobh na Canála Móire idir Droichead Shráid Bhagóid agus Plás Wilton i lár Bhaile Átha Cliath.
Tá pubaill á gcur suas sa cheantar le cúpla seachtain ag fir ó thar lear a bhfuil iarrtas ar thearmann in Éirinn déanta acu ach nach bhfuil sé d'acmhainn ag an Stát lóistín a chur ar fáil dóibh.
Is san Oifig um Chosaint Idirnáisúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach, cúpla céad méadar ó thuaidh ón gCanáil Mhór, a dhéantar iarratas ar thearmann.
Cheannaigh an Roinn Dlí agus Cirt an suíomh 165 acra de thalamh caomhnaithe ag Halla Bhaile na Sceach in 2005. €30 milliún a bhí air. Bhí sé i gceist an príosún is mó sa tír a thógáil ar an suíomh, a bheadh in ann suas le dhá mhíle príosúnach a choinneáil.
Caitheadh an plean i dtraipisí roinnt blianta ó shin agus níl aon cheo déanta leis an suíomh ó shin.