skip to main content

Tá na poilíní sa bhFrainc i ndiaidh fear armtha, a bhí i mbun iarrachtaí sionagóg a chur trí thine, a mharú, a deir na húdaráis

Scríobh Aire Gnóthaí Baile na Fraince ar X inniu gur maraíodh té go moch ar maidin, sa gcathair Rouen, atá i dTuaisceart na Fraince. Bhí an fear armtha ag cur sionagóige trí thine, a deir siad.
Scríobh Aire Gnóthaí Baile na Fraince ar X inniu gur maraíodh té go moch ar maidin, sa gcathair Rouen, atá i dTuaisceart na Fraince. Bhí an fear armtha ag cur sionagóige trí thine, a deir siad.

Tá na poilíní sa bhFrainc i ndiaidh fear armtha, a bhí i mbun iarrachtaí sionagóg a chur trí thine, a mharú.

Scríobh Aire Gnóthaí Baile na Fraince, Gerald Darmanin, ar X inniu gur scaoileadh marbh an fear go moch ar maidin, sa gcathair Rouen atá i dTuaisceart na Fraince.

D'fhreastail na poilíní ar láthair, i ndiaidh do ghlaoch a bheith curtha orthu, ina dtuairiscíodh go raibh "tine gar do shionagóg".

Tuairiscíodh go raibh an fear faoi arm scine agus barra iarainn, gur tháinig sé i dtreo na bpoilíní agus gur scaoil siad urchair leis. Maraíodh é ar an toirt. Níor gortaíodh aon duine eile san eachtra.

Scríobh Méara Rouen, Nicolas Mayer-Rossignol, ar X inniu go bhfuil muintir na cathrach ar fad trína chéile, an pobal Giúdach ach go háirithe.

Deir na húdaráis go bhfuil dhá fhiosrúchán curtha ar bun: ceann amháin maidir leis an tine ag an tsionagóg agus ceann eile maidir leis an eachtra inar maraíodh an fear go raibh amhras faoi é féin.

Cuirtear a leithéid d’fhiosrúchán ar bun sa bhFrainc i gcónaí nuair a mharaíonn na poilíní duine éigin.

Níl ainm an té a maraíodh deimhnithe ag na poilíní go fóill.

Ní fios go fóill an mbeidh baint ag Áisíneacht Frith-Sceimhlitheoireachta na Fraince leis na fiosrúcháin.

Seachas Iosrael agus na Stáit Aontaithe, tá an líon is mó Giúdach ina gcónaí sa bhFrainc ná in aon tír eile ar domhan. Tá an pobal Moslamach is mó san Eoraip ansin freisin.

Tá ag géarú ar an teannas idir an dá phobal sin ó rinne Hamas a ruathar ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair 2023.

Cuireadh graifítí dearg ar Leac Cuimhneacháin Uileloiscthe na Fraince níos tuisce an tseachtain seo. Rinne Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, cáineadh géar ar an "bhfrith-Sheimíteachas gránna", mar a thug sé air.

Tá cáineadh géar déanta ag Uachtarán na Fraine, Emmanuel Macron, ar an
"bhfrith-Sheimíteachas gránna" atá léirithe in eachtraí éagsúla le gairid

Tá sraith ionsaithe Ioslamacha déanta ar an bhFrainc ó bhí 2015 ann, ina raibh Giúdaigh mar thargaidí.

Beidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl sa bhFrainc i gceann dhá mhí agus tá rabhadh slándála géar curtha i bhfeidhm, de bharr na n-imeachtaí atá ag titim amach sa Mheánoirthear agus in oirthear na hEorpa.