skip to main content

Bean maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Mhaigh Eo

Bean sna caogaidí maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Mhaigh Eo
Bean sna caogaidí maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Mhaigh Eo

Maraíodh bean sna caogaidí mar gheall ar thimpiste bóthair a bhí i gCo Mhaigh Eo go gairid roimh mheán lae inniu.

Bhí an bhean ag tiomáint ceann de thrí ghluaisteán a bhuail faoina chéile ar bhóthar an N17 i mBaile an Daighin in aice le Clár Chlainne Mhuiris.

Tugadh an bheirt a bhí ag tiomáint an dá ghluaisteán eile chun an ospidéil ach deirtear nach bhfuil a mbeatha i mbaol.

Tá na Gardaí ag achainí ar aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh íomhánna ábhartha ó cheamara deaise acu teacht chun cainte leo.

Is iad na Gardaí i gClár Chlainne Mhuiris atá ag fiosrú na tubaiste.

73 duine atá maraithe i dtionóiscí bóthair sa Stát ó thús bliana, le hais 61 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ