skip to main content

Seacht mbliana príosúin gearrtha ar fhear maidir le dúnmharú

Jordan Davis a dúnmharaíodh ar an 22 Bealtaine 2019
Jordan Davis a dúnmharaíodh ar an 22 Bealtaine 2019

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh seacht mbliana príosúin ar fhear 35 bliain d'aois as a bheith bainteach le comhcheilg chun fear a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath cúig bliana ó shin.

Sin é Robert Redmond, coirpeach aitheanta as an gCúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, a phléadáil ciontach an mhí seo caite i lámh a bheith aige sa chomhcheilg chun Jordan Davis a dhúnmharú.

Lámhachadh agus maraíodh Jordan Davis, a bhí 22 bliain, nDarndál ar an 22 Bealtaine 2019 agus é ag brú pram a raibh a mhac cúig mhí d'aois ann.

In 2022, ciontaíodh fear eile – Wayne Cooney – i ndúnmharú Jordan Davis.

Dúradh i dtriail Wayne Cooney gur thaobhaigh sé suas le Jordan Davis ar rothar agus gur scaoil sé ocht bpiléar leis ar bhuail trí cinn díobh é.

Tugadh le fios sa triail sin freisin gur mangaire drugaí ab ea Jordan Davis agus gur bagraíodh a mharú air mar go raibh fiacha €70,000 ag mangaire eile drugaí air.

Ciontaíodh Robert Redmond 99 uair cheana sna cúirteanna agus tá príosún saoil á chur isteach aige faoi láthair as fear eile – Barry Wolverson – a dhúnmharú i Sord i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir 2020.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ