skip to main content

90 puball eile curtha suas le taobh na Canálach Móire

Tuileadh puball curtha suas le taobh na Canálach Móire idir Droichead Shráid Bhagóid agus Plás Wilton
Tuileadh puball curtha suas le taobh na Canálach Móire idir Droichead Shráid Bhagóid agus Plás Wilton

Tá os cionn 90 puball curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le taobh na Canálach Móire idir Droichead Shráid Bhagóid agus Plás Wilton i lár Bhaile Átha Cliath.

Tá pubaill á gcur suas sa cheantar le cúpla seachtain ag fir ó thar lear a bhfuil iarratas ar thearmann in Éirinn déanta acu ach nach bhfuil sé d'acmhainn ag an Stát lóistín a chur ar fáil dóibh.

Is san Oifig um Chosaint Idirnáisúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach, cúpla céad méadar ó thuaidh ón gCanáil Mhór, a dhéantar iarratas ar thearmann.

Bhí pubaill curtha suas lasmuigh den oifig agus in ionaid eile le hais na canálach níos gaire don oifig le cúpla seachtain, ach ghlan na húdaráis as a mbealach iad agus cuireadh bacainní suas sna háiteanna sin le nach bhféadfaí iad a chur suas arís.

Dealraíonn sé nach bhfuil ann, áfach, ach go bhfuil na fir agus a bpubaill á mbrú siar tuilleadh.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris inniu gur mian leis dul i ngleic leis an gceist go trócaireach, ach go ciallmhar freisin.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug sé le fios nach raibh an córas tearmainn in Éirinn ag teacht lena bhfuil i bhfeidhm i mballstáit eile an Aontaigh Eorpaigh agus dúirt go gcaithfí é sin a chur ina cheart.

Tá sé d'acmhainn ag an gcóras atá ann faoi láthair glacadh le 3,500 duine sa bhliain, arsa Simon Harris.

Táthar á thuairimiú, ámh, go bhféadfadh idir 26,000 agus 30,000 iarrthóir tearmainn teacht chun na tíre seo i mbliana.

Pléadh an cheist i gcruinniú teasaí de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir, áit a ndúirt an tAire Airgeadais Michael McGrath go raibh an scéal imithe ó smacht.

Cháin roinnt daoine sa chruinniú cur chuige an Rialtais, go háirithe an chaoi a bhfuil an cheist á cur os comhair an phobail.

Tuairiscítear go bhfuil an Rialtas ag cuimhneamh ar mhórionad cónaithe d'iarrthóirí tearmainn a bhunú ar shuíomh in iarthuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a raibh príosún le tógáil air tráth.

Tá os cionn 160 acra sa suíomh i Halla Bhaile na Sceach i gCill Shalacháin a bhfuil roinnt saoráidí ann cheana féin.

Meastar go nglacfadh sé thart ar cheithre seachtaine an áit a shainchóiriú mar ionad cónaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ