skip to main content

Sinn Féin agus Fine Gael gob ar ghob – pobalbhreith nua

Ceannaire Fhine Gael Simon Harris agus ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald
Ceannaire Fhine Gael Simon Harris agus ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald

Is iad Sinn Féin agus Fine Gael an dá pháirtí is mó a dtacaíonn an pobal leo, de réir suirbhé nua atá déanta ag Ipsos MRBI ar son an Irish Times.

Tá an dá pháirtí sin ag crinneadh a chéile faoi láthair agus sciar 23% de thacaíocht an phobail ag an bpéire acu, más fíor don suirbhé.

Drochscéala atá ann do Shinn Féin, áfach, ós laghdú 5% é ón suirbhé deireanach a rinneadh i mí Feabhra. Ní hamháin sin, is laghdú 11% é ón suirbhé deireanach roimhe sin arís.

Os a choinne sin, dea-scéala atá ann d'Fhine Gael ós méadú 4% é ó mhí Feabhra. Ceapadh Simon Harris mar cheannaire nua an pháirtí agus mar Thaoiseach idir an dá linn.

20% an sciar atá ag Fianna Fáil, nach athrú ar bith é; 4% atá ag an gComhaontas Glas, laghdú 1%; agus 5% atá ag Páirtí an Lucht Oibre, méadú 1%.

Maidir leis na páirtithe eile, 3% atá ag na Daonlathaithe Sóisialta, laghdú 1%; 2% atá ag Dlúthpháirtíocht-Pobal Roimh Bhrabús, mar a bhí; agus 1% atá ag Aontú, mar a bhí. 17% atá ag na Teachtaí Dála Neamhspleácha trí chéile, mar a bhí.

Tá líon na vótálaithe nach bhfuil a fhios acu fós cén dream nó cén duine a vótálfaidh siad ar a son tite go dtí 19% ó 25% sa phobalbhreith dheireanach.

Áirítear lamháil earráide móide nó lúide 2.5% a bheith sa phobalbhreith is deireanaí.

Beifear ag vótáil sna toghcháin áitiúla agus i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa trí seachtaine ó amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ