Tá triúr gafa ag na póilíní i mBéal Feirste faoi dhúnmharú mná 34 bliain d'aois a bhfuarthas a corp i dteach sa Trá Ghearr in oirthear na cathrach inné.
Thángthas ar chorp Kathyrn 'Kat' Parton i seomra codlata sa teach i gceantar Shráid Mhaidrid ag thart ar 4.30 tráthnóna inné. Tuigtear gur bhain drochghortuithe dá ceann.
Deir na póilíní gur bean 43 bliain agus beirt fhear 22 agus 23 bliain atá sa triúr atá gafa acu.
Deir siad leis go bhfuil siad fós ag iarraidh a dheimhniú conas go baileach a fuair Kat Parton bás.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ