Deirtear i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil caighdeán an uisce ar thránna na tíre trí chéile go maith ach go gcaithfear an bonneagar a fheabhsú le dul i ngleic le truailliú, go háirithe i bhfianaise athrú na haeráide.
Tránna a mbíonn daoine ag snámh orthu agus a mbíonn na sluaite ag triall orthu sa samhradh atá i gceist.
Tugtar le fios sa tuarascáil go raibh caighdeán an uisce go maith nó níos fearr ná sin ar 97% de thránna in 2023 agus go deimhin go raibh sé "ar fheabhas" ar 77% acu.
Ina dhiaidh sin féin, níor bhain cúig thrá an t-íoschaighdeán féin amach mar gheall ar thruailliú.
B'in iad Trá Tosaigh Bhaile Brigín, Loch Sionnaigh agus Dumhach Thrá i gCo Bhaile Átha Cliath; Trá na mBan i mBun Cranncha i gCo Dhún na nGall; agus Trá na mBan sa Spidéal i gCo na Gaillimhe.
Píopaí stoirme nach raibh nasctha mar ba cheart, séarachas ó aibhneacha a chuir thar a mbruacha, agus salachar madraí agus éan ba chúis leis an gcuid is mó den truailliú ar na tránna sin, de réir na tuarascála.
Gan trácht ar an daonnaí, téann an truailliú i gcion ar an bhfiadhúlra sna háiteanna sin freisin – idir luibheanna, fheithidí, éisc, chrústaigh, éin agus mar sin díobh.
Ba thromchúisí an scéal an samhradh seo caite ná mar is gnách mar gheall ar an doirteadh mór báistí a bhí ann, go háirithe i mí Iúil agus i mí Lúnasa, a gcreidtear gurbh é athrú na haeráide ba chionsiocair leis.
Deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil na húdaráis áitiúla agus Uisce Éireann araon mionnaithe caighdeán an uisce ar na cúig thrá sin a fheabhsú.
Mar le Baile Brigín, tá uasghrádú á dhéanamh ar an stáisiún caidéalúcháin agus ar an líonra séarachais ansin faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ