Lámhachadh agus gortaíodh Príomh-Aire na Slóvaice Robert Fico agus é ag teacht amach as cruinniú rialtais i mbaile Handlová 190 ciliméadar soir ó thuaidh on bpríomhchathair Bratislava tráthnóna inniu.
Deirtear gur gortaíodh é go dona agus go bhfuil a bheatha i mbaol.
Tuairiscítear gur scaoileadh ceithre philéar le Robert Fico, atá 59 bliain d'aois, agus gur bhuail ceann acu é sa bholg.

I ráiteas, dúirt Uachtarán na Slóvaice Zuzana Čaputová gur gabhadh an té a rinne an t-ionsaí lámhaigh.

Tionóladh an cruinniú rialtais in Handlová mar chuid de chamchuairt na tíre a gheall Robert Fico a thabharfadh sé nuair a toghadh ina phríomh-aire é anuraidh.
Bhí sé ina phríomh-aire trí huaire cheana.
Cuirtear i leith Robert Fico go bhfuil sé róbháúil leis an Rúis agus gur pobalóir atá ann, a bhíonn ag geáitseáil don slua agus a athraíonn a phort go minic.

Tugadh an príomh-aire ar héileacaptar chun an ospidéil i gcathair Banská Bystrica, soir ó Handlová, áit a bhfuil sé faoi dhianchúram.
Tá an t-ionsaí lámhaigh cáinte go láidir ag ceannairí eile an Aontais Eorpaigh.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris go raibh sé suaite go mór dá bharr.
Ionsaí ar an daonlathas san Aontas Eorpach a bhí ann, arsa sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ