skip to main content

Athrú suntasach i gcúinsí fostaíochta chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta

Athrú suntasach i gcúinsí fostaíochta chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta
Athrú suntasach i gcúinsí fostaíochta chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta

Tá athrú suntasach tagtha ar chúinsí fostaíochta daoine atá ag obair i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta le trí bliana, de réir taifid atá faighte ag 7LÁ.

Is í an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a chuir na taifid ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Ó aimsir na paindéime Covid-19 in 2022, léiríonn na figiúirí go bhfuil ionann agus cúig oiread daoine ag obair go páirtaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ná mar a bhí roimhe sin.

Bhí 9,526 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis in 2023 – an líon ab airde riamh. Is ag obair go lánaimseartha a bhí 7,030 acu agus is ag obair go páirtaimseartha a bhí 2,496 acu.

In 2022, bhí 6,968 duine ag obair go lánaimseartha sna cliantchomhlachtaí agus bhí 2,512 duine ag obair go páirtaimseartha.

In 2021, is 7,809 duine a bhí fostaithe go lánaimseartha agus 551 duine a bhí fostaithe go páirtaimseartha.

Fágann sin ar fad go raibh laghdú de 779 post lánaimseartha agus méadú de 1,945 post páirtaimseartha ann idir 2021 agus 2023.

Fostaíocht iomlán i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta idir 2014-2023

Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin ar 7LÁ aréir gur léirigh na figiúirí go raibh "níos mó postanna cruthaithe ná caillte. In iarracht an bhuanaíocht sin a chinntiú amach anseo, tá sé ríthábhachtach ... go bhfuil deiseanna oiliúna ar fáil don phobal agus go bhfuil muid ag tacú le comhlachtaí beaga".

In 2022, d’athraigh an tÚdarás an bealach a dtuairiscítear figiúirí fostaíochta ina ráiteas deireadh bliana ionas go mbeadh an córas tuairiscithe ar aon dul le dhá gníomhaireacht forbartha eile, mar atá, Fiontar Éireann agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail.

Maidir leis na trí ghníomhaireachtaí sin, tá sé deimhnithe ag 7LÁ go raibh:

- trí phost lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in aghaidh gach post páirtaimseartha in 2023 (i gcomparáid le 11 post lánaimseartha in aghaidh gach post páirtaimseartha in 2018)

- naoi bpost lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Fhiontar Éireann in aghaidh gach post páirtaimseartha

- 15 post lánaimseartha in aghaidh gach post páirtaimseartha i gcliantchomhlachtaí na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail.

Mhaígh Tomás Ó Síochán aréir, áfach, nach raibh sé "go hiomlán ciallmhar a bheith ag féachaint ar chodarsnacht idir Fiontar Éireann, an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail agus Údarás na Gaeltachta."

"Ar an chéad dul síos", arsa sé, "tá tírdhreach iomlán éagsúil ann. Ar an dara dul síos, tá dúshlán ann sna háiteanna a bhfuil easpa infreastruchtúir ann".

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin

Léiríonn na figúirí a fuair 7LÁ go raibh méadú de bhreis agus 1,000 post páirtaimseartha sa réimse 'Seirbhísí Eile' idir 2021 agus 2023.

Maidir leis an mhéadú sin’, dúirt Tomás Ó Síochán gur "obair í is mó atá luaite le rudaí a bhfuil an Ghaeilge lárnach ann – cuir i gcás cúram leanaí agus luathbhlianta, cúrsaí oideachais, cúrsaí léiriúcháin teilifíse, cúrsaí óstáin agus turasóireachta."

Deirtear i bplean straitéise Údarás na Gaeltachta 2021-2025 go bhfuil sé mar sprioc ag an ghníomhaireacht go mbeidh 9,000 duine fostaithe sna cliantchomhlachtaí nuair a bheidh an straitéis sin curtha i gcrích. Má chuirtear poist pháirtaimseartha agus poist shealadacha san áireamh, tá an sprioc sin bainte amach cheana féin.

Déanann an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, Fiontar Éireann agus Údarás na Gaeltachta a bhfigiúirí fostaíochta bliantúla a chur faoi bhráid na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le haghaidh a Suirbhé Fostaíochta Bliantúil.

Nuacht agus Cúrsaí RTÉ