Tá iarrtha ag an Aontas Eorpach ar na hIosraelaigh "deireadh a chur láithreach" leis an bhfeachtas míleata atá ar bun acu i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza.
I ráiteas a heisíodh inniu in ainm cheannaire pholasaí eachtrach an Aontais Eorpaigh, Josep Borrell, tugtar le fios go gcuirfear isteach ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Iosrael má leanfar den fheachtas míleata.
Deirtear sa ráiteas go bhfuil feachtas na nIosraelach ag cur isteach ar sholáthairtí riachtanacha a dháileadh ar mhuintir Gaza, go bhfuil tuilleadh daoine á gcur as a mbailte agus go bhfuil baol gorta ann dá bharr, agus go bhfuil an fhulaingt dhaonna san iamhchríoch ag dul in olcas.
Tarraingítear aird sa ráiteas leis ar an ordú atá tugtha ag Arm Iosrael don mhilliún duine atá ina gcónaí in Rafah aistriú go dtí "ceantair shábháilte", cé go bhfuil sé ráite ag na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil na háiteanna sin sábháilte ar chor ar bith agus nach bhfuil ach fíorbheagán saoráidí iontu.
Cé go bhfuil sé de cheart ag Iosrael í féin a chosaint, a deirtear, ní mór é a sin a dhéanamh de réir an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta, cosaint a thabhairt do shibhialtaigh agus soláthairtí fóirithinte a ligean isteach in Gaza.
Cáintear sa ráiteas chomh maith ionsaí a rinne lucht airm Hamas ar bhealach trasteorann Kerem Shalom agus achainítear ar Hamas na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil in Gaza a scaoileadh saor.
Tá fórsaí míleata Iosrael ag brú chun cinn i gconaí, áfach, in Rafah agus in Jabalia i dtuaisceart Gaza.
Tuairiscítear go bhfuil comhraiceoirí ó Hamas agus ó ghrúpaí armtha eile ag cur ina n-aghaidh go tréan agus nach bhfuil sé ina thalamh slán ag na hIosraelaigh fós.
D'fhógair Rialtas na Stát Aontaithe inniu chomh maith go mbeadh an ché shealadach atá saighdiúirí Meiriceánacha a thógáil amach ó chósta Gaza, go mbeadh sí ag feidhmiú i gceann cúpla lá.
Tá súil ag na Meiriceánaigh go mbeifear in ann níos mó soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach in Gaza níos tráthúla nuair a bheas an ché agus cabhsa nua ag a bun ag feidhmiú.
De réir a bhfuil beartaithe, beidh sé d'acmhainn ag an gcé nua glacadh le 90 leoraí sa lá sa chéad chúpla seachtain agus 150 leoraí sa lá ina dhiaidh sin.
Ní léir fós, áfach, cén toradh a bheas ar an mbealach nua ó beidh an bóthar ag bun na cé faoi smacht na nIosraelach agus rún acu pé lón a thagann i dtír ann a scrúdú.
É sin ainneoin go mbeidh an lón céanna scrúdaithe ag oifigigh Iosraelacha sa Chipir roimhe sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ