Tá gníomhaí Gaeilge éirithe as fóram teanga Chomhairle Chathair Bhéal Feirste mar gheall, a deir sé, gur lag an meas atá ag an gcomhairle "ar chaighdeáin Ghaeilge agus ar chur chuige proifisiúnta maidir le húsáid na Gaeilge", murab ionann agus an Béarla.
Cuireann an fóram teanga comhairle ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste faoi cheisteanna Gaeilge agus tá ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla Gaeilge ar fud na cathrach rannpháirteach ann.
Dar leis an ngníomhaí aitheanta an Dr Liam Andrews, áfach, go gcaitheann Comhairle Chathair Bhéal Feirste leis an nGaeilge "mar theanga den dara grád" agus le pobal na Gaeilge "mar shaoránaigh den dara grád".
Mhaígh sé gur tugadh le fios dó go raibh na haistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge a dhéantar ar son na comhairle "ag brath ar bhreithiúnas pearsanta" an aistritheora.
Dúirt an Dr Andrews gur chuir sé in iúl don chomhairle i mí Éanair seo caite go raibh imní air faoi chúrsaí aistriúcháin agus gur fhógair sé ag an am go n-éireodh sé as an bhfóram teanga mura gcuirfí an cheist ar chlár oibre an fhóraim. Ní bhfuair sé aon fhreagra, áfach, arsa sé.
I ráiteas, dúirt Comhairle Chathair Bhéal Feirste gur tugadh freagra don Dr Andrews cheana agus dúradh go raibh an chomhairle sásta go raibh na haistriúcháin a chuirtear ar fáil don chomhairle "ar ardchaighdeán".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ