Tá 1,780 iarrthóir tearmainn idirnáisiúnta ag fanacht le lóistín a fháil ón Stát, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Lánpháirtíochta.
Léiríonn an fhaisnéis atá curtha ar fáil ag an Roinn freisin go bhfuil iarrtas ar thearmann déanta ag 3,117 fear a tháinig go hÉirinn ón 4 Nollaig anuraidh, tráth a d'éirigh an Stát as lóistín a thairiscint do gach iarrthóir tearmainn nua.
Tá tuilleadh puball curtha suas ag iarrthóirí tearmainn le taobh na Canálach Móire i mBaile Átha Cliath le cúpla lá.
Áirítear 48 puball a bheith ann inniu, i gcomórtas le 26 Déardaoin seo caite.
Tá na tacaíochtaí éagsúla a thugtar d'iarrthóirí tearmainn idirnáisúnta le plé ag an gComhaireacht inniu.
Tuigtear go ndéanfar athbhreithniú ar na tacaíochtaí ar fad – íocaíochtaí ina measc – agus go gcuirfear tuarascáil faoin gceist os comhair na Comhaireachta i gceann sé seachtaine.
Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach Simon Harris nach bhfuil sé d'acmhainn ag an Stát leanúint de na tacaíochtaí sin a chur ar fáil i bhfad na haimsire.
D'fhógair an Rialtas inniu chomh maith go laghdófaí an íocaíocht sheachtainiúil a thugtar do theifigh áirithe ón Úcráin a tháinig go hÉirinn in 2022 agus in 2023 agus atá ina gcónaí i lóistín Stáit.
Tháinig os cionn 100,000 Úcránach go hÉirinn ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 ach áirítear go bhfuil thart ar 20,000 imithe go tíortha eile nó imithe abhaile ó shin.
Faoi Threoir um Chosaint Shealadach an Aontais Eorpaigh, chomh maith le lóistín a chur ar fáil do na hÚcránaigh, íocann an Stát €232 sa tseachtain leo.
De réir a bhfuil socraithe ag an Rialtas, áfach, laghdófar an íocaíocht sin go dtí €38.80, an méid céanna a íoctar le gach duine a bhfuil cosaint shealadach tugtha dóibh.
Meastar go rachaidh an cinneadh i gcion ar thart ar 27,000 Úcránach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ