skip to main content

'Líon teaghlach sa Ghaeltacht ag méadú níos gasta ná líon tithe'

is é an t-eacnamaí an Dr Séin Ó Muineacháin a rinne an taighde ar son Údarás na Gaeltachta
is é an t-eacnamaí an Dr Séin Ó Muineacháin a rinne an taighde ar son Údarás na Gaeltachta

De réir taighde nua a d'fhoilsigh Údarás na Gaeltachta inniu, tá an líon teaghlach sa Ghaeltacht ag méadú níos tapúla ná an líon tithe agus is mó tithe atá folamh i gceantair Ghaeltachta ná mar atá go náisiúnta.

Is ar Dhaonáireamh 2022 atá an taighde bunaithe agus is é an t-eacnamaí an Dr Séin Ó Muineacháin a thug faoi.

Fuair an Dr Ó Muineacháin amach go raibh méadú 7% ar an líon teaghlach sa Ghaeltacht idir 2016 agus 2022, i gcomparáid le méadú 5% ar an líon tithe.

De réir na hanailíse a rinne sé ar an staidreamh, is teaghlaigh ina bhfuil duine amháin ar a laghad de na páistí fásta ina gcónaí sa bhaile an cineál teaghlaigh is coitianta sa Ghaeltacht.

Ina cheann sin, dhearbhaigh sé go bhfuil an céatadán tithe folmha sa Ghaeltacht (11%) níos airde ná an céatadán náisiúnta (8%).

Fuair an Dr Ó Muineacháin amach chomh maith gur i gcontaetha Gaeltachta atá an líon is mó tithe saoire sa tír, go háirithe i gCiarraí agus i nDún na nGall.

I ráiteas ó Údarás na Gaeltachta, dúradh go mbeadh tábhacht leis an taighde seo agus an ghníomhaireacht ag iarraidh eastáit tithíochta sa Ghaeltacht a fhorbairt.

Tá an tÚdarás ag breathnú ar thithíocht a chur ar fáil ar shuímh i dtrí cheantar Gaeltachta faoi láthair, mar atá, an Rinn i gCo Phort Láirge, an Cheathrú Rua i gCo na Gaillimhe agus Gaoth Dobhair i gCo Dhún na nGall.

Thug príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, le fios gur léirigh torthaí an taighde nár mhór tuilleadh tithíochta a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus dúirt go mbeadh tionchar ag an soláthar breise sin ar labhairt na Gaeilge ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ