Tugadh fear 23 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche an Náis go deireanach aréir agus é cúisithe i ndúnmharú fir a sádh i dteach sna Solláin i gCo Chill Dara go moch ar maidin Dé Domhnaigh seo caite.
Tá Valeriu Melnic, as Baile na gCailleach Íochtarach, Ráth Cúil, i gCo Bhaile Átha Cliath, cúisithe i ndúnmharú Ion Daghi, a bhí 39 bliain, in eastát Pháirc na Sollán sna Solláin.
Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil agus tá sé le tabhairt os comhair na cúirte arís arú amárach.
Nuacht agus Cúrsai Reatha RTÉ