skip to main content

Bean aosta a hionsaíodh i nDún Dealgan tar éis bháis

hIonsaíodh an triúr ban in eastát Choill an Ghleanna i nDún Dealgan ar an 3 Bealtaine
hIonsaíodh an triúr ban in eastát Choill an Ghleanna i nDún Dealgan ar an 3 Bealtaine

Tá bean aosta a hionsaíodh agus a gortaíodh go dona i nDún Dealgan i gCo Lú ar an 3 Bealtaine tar éis bháis.

Bhásaigh Patricia 'Pat' Muckian, a bhí sna hochtóidí, in ospidéal i mBaile Átha Cliath inné.

hIonsaíodh í féin agus beirt bhan eile, atá sna daichidí agus sna seachtóidí, in eastát Choill an Ghleanna i nDún Dealgan.

Dé Céadaoin seo caite, tugadh fear 47 bliain d'aois os comhair cúirte maidir leis an ionsaí.

Cúisíodh Nicholas Muckian as Coill an Ghleanna in ionsaí a dhéanamh ar an triúr ban agus i ndíobháil a dhéanamh dóibh.

Cúisíodh é freisin i nduine eile a imeaglú le tua.

Cuireadh siar faoi choinneáil é agus tá sé le teacht os comhair cúirte arís amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ