Tá téarma príosúin cúig bliana gearrtha ar gharda slándála a rinne ionsaí gnéasach ar chailín cúig bliana déag tar éis dó bhreith uirthi ag goid earraí smididh agus cumhdach éadain i siopa Penneys.
Fuarthas Abdul Rahman Mohammed, atá 35 bliain d'aois, as Cearnóg Mhuinseo i mBaile Átha Cliath, ciontach in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar an gcailín in Ionad Siopadóireachta Dhún Droma i mBaile Átha Cliath bliain go leith ó shin.
Ciontaíodh é chomh maith i nduine a choinneáil in aghaidh a thola agus in airgead a éileamh trí bhagairtí.
Dúirt an cailín go bhfuil sí in ísle brí agus go mbíonn faitíos seasta uirthi mar gheall ar an ionsaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ