Tá maoiniú €164 milliún fógartha ag an Rialtas le haghaidh tograí athnuachana agus athbheochana i mbailte tuaithe éagsúla ar fud na tíre.
Sin an méid is mó a lamháladh do bhailte tuaithe go dtí seo faoin gCiste Athnuachana agus Forbartha ó bunaíodh é in 2019.
Bunaíodh an ciste le dul i ngleic le dearóiliú na mbailte tuaithe agus tá sé i gceist €1 bhilliún san iomlán a chur ar fáil do thograí éagsúla faoi 2027.
Bonneagar úr pobail a thógáil agus acmhainn oidhreachta na mbailte tuaithe a fhorbairt an aidhm atá ag an gciste.
Is í an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys a d'fhógair an maoiniú nua agus í ar cuairt chuig Teach Solais Cheann Léime i gCo an Chláir inniu.
Tá €1 mhilliún faighte ón gciste ag an teach solais stairúil sin cheana féin le saoráidí do chuairteoirí a fheabhsú.
Tá 30 togra i mbailte eile lena sciar féin a fháil ón maoiniú is deireanaí. Ina measc, tá €3.2 milliún le cur ar fáil le ionad nua fiontar agus oiliúna a bhunú i mBaile Bhuirne i gCo Chorcaí; tabharfar €6.4 milliún do Chathair Saidhbhín i gCo Chiarraí le lár an bhaile sin a athnuachan; agus tá €12.1 milliún le cur ar fáil don Chraoslach i gCo Dhún na nGall le mol úr pobail a thógáil agus a fhorbairt.
Tá an pobal sa Chraoslach suaite go mór i gcónaí ag an tubaiste a tharla i mí Dheireadh Fomhair 2022 nuair a maraíodh deichniúr i bpléasc ag stáisiún peitril sa sráidbhaile.
Béal Átha hAmhnais i gCo Mhaigh Eo, Éadán Doire i gCo Uíbh Fhailí, Inis Crabhann i gCo Shligigh agus Tuaim i gCo na Gaillimhe, tá siad ar fad i measc na mbailte eile a bhainfeas sochar as an maoiniú is deireanaí.
Dúirt an tAire Humphreys go ndéanfadh na tograí éagsúla athnuachan ó bhonn ar an 30 baile atá i gceist.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ