skip to main content

Duine gafa tar éis do ghluaisteán fear a leagan i nDún na nGall

Tá an fear a leagadh go han-dona tinn in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath
Tá an fear a leagadh go han-dona tinn in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath

Tá fear sna tríochaidí gafa ag na Gardaí tar éis do ghluaisteán fear a leagan agus a ghortú go dona i gCluain Maine i dtuaisceart Chontae Dhún na nGall go moch ar maidin inné.

Níor stop an gluaisteán i ndiaidh na heachtra.

Fear sna seascaidí atá sa té a leagadh agus deirtear go bhfuil sé go han-dona tinn san ospidéal.

Is ar an tSráid Mhór i gCluain Maine ag thart ar 12.15 ar maidin Dé Domhnaigh a tharla an eachtra.

Tugadh an fear a gortaíodh go hOspidéal na hOllscoile i Leitir Ceanainn ar an gcéad ásc ach aistríodh é ina dhiaidh sin go hOspidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath.

Tá an fear a gabhadh faoin eachtra á cheistiú i stáisiún Gardaí i nDún na nGall.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ