skip to main content

Buachaill sna déaga básaithe i dtubaiste i gCo Chill Dara

Sa Chanáil Mhór idir Ard Cloch agus Cill Droichid a tharla an tubaiste
Sa Chanáil Mhór idir Ard Cloch agus Cill Droichid a tharla an tubaiste

Bhásaigh buachaill sna déaga tar éis dó dul i gcontúirt sa Chanáil Mhór i gCo Chill Dara arú inné.

Tharla an tubaiste ag thart ar 5.40 tráthnóna Dé Sathairn.

Thug na seirbhísí éigeandála corp an bhuachalla as an uisce idir Ard Cloch agus Cill Droichid go gairid ina dhiaidh sin.

Cuireadh scéal chuig an gcróinéir áitiúil agus tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp an bhuachalla.

Nuacht agus Cursaí Reatha RTÉ