Tuairiscítear go bhfuil tancanna le hArm Iosrael tar éis ionradh a dhéanamh ar lár champa teifeach Jabalia i dtuaisceart Gaza agus go bhfuil siad á gcosaint ag buamaí ó scairdeitleáin agus ag airtléire chúltaca leis an mbealach a réiteach dóibh.
Deir lucht leighis ansin gur maraíodh roinnt daoine nuair a bhuamáil fórsaí míleata Iosrael an campa teifeach i gcaitheamh na hoíche.
Deir siad freisin nach bhfuil siad in ann dul chomh fada le daoine atá gortaithe lena dtabhairt amach as an mbearna bhaoil mar gheall ar thréine na buamála.
Rinne na hIosraelaigh ionradh ar an gcampa teifeach cheana ach tharraing siad amach as an áit i dtús mhí Feabhra agus cuid mhór di fágtha ina smionagar acu.
Ó dheas, i gcathair Rafah, tuairiscítear go bhfuil géaraithe tuilleadh ar thréine na buamála atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar oirthear na cathrach.
Tá seilbh gafa ag na hIosraelaigh ar an bpríomhbhóthar idir oirthear agus iarthar na cathrach ó dheireadh na seachtaine seo caite.
Mar le soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach trí thuaisceart Gaza, dúirt Peter Power ó Chiste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí nach bhfuil sé d'acmhainn ag an trasbhealach idir Erez agus Beit Hanoun an méid a theastaíonn a láimhseáil.
Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin inniu, thug Peter Power le fios freisin go bhfuil sé fíordheacair soláthairtí fóirithinte a iompar idir an tuaisceart agus an deisceart.
Dúirt sé leis nach bhfuil Rafah ach an deichiú cuid chomh mór le Baile Átha Cliath ach go bhfuil 1.2 milliún duine pulctha isteach ann. Tá na coinníollacha maireachtála ann uafásach, arsa sé.
Maidir leis an ordú atá tugtha ag Arm Iosrael do dhaoine in Rafah aistriú go dtí "ceantair shábháilte", dúirt sé nach bhfuil na háiteanna sin sábháilte ar chor ar bith agus nach bhféadfadh aon duine fanacht iontu ar feadh i bhfad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ