skip to main content

Fiosrúchán dúnmharaithe i gCo.Chill Dara

An Garda Síochána ag fiosrú dúnmharú i gCo.Chill Dara-Íomhá ó Getty
An Garda Síochána ag fiosrú dúnmharú i gCo.Chill Dara-Íomhá ó Getty

Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe ag gardaí i gCo.Chill Dara i dtaca le bás fír go moch ar maidin inniu.

Glaodh ar na gardaí chuig teach i gceantar na Sollán sa Nás go gairid tar éis a 3 a'chlog.

Tháinig siad ar an bhfear 39 bliain d'aois agus é marbh.

Tá chuile chosúlacht air gurbh amhlaidh a sáthadh an fear.

Tá fear eile, 23 bliain d'aois gafa ag na gardaí agus á cheistiú ag stáisiún gardaí i gCill Dara.

Tá sé á choinneáil faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil agus is féidir é a cheistiú ar feadh 24 uair a chloig.

Deirtear go raibh cóisir ar bun sa teach nuair a tharla an eachtra.

Tá réiteach á dhéanamh anois le go gcuirfear scrúdú iarbháis ar an bhfear ar as oirthear na hEorpa dó'

Preparations are underway for a post-mortem examination.

A 23 year old man was arrested at the scene and taken to a local Garda station in Kildare.

He’s being detained under Section 4 of the Criminal Justice Act and can be questioned for up to 24 hours.

Gardai are following a definite line in the investigation and say they’re not looking for anyone else at present