skip to main content

'Sos cogaidh láithreach'-Guterres

Deir al-Balah i Stráice Gaza
Deir al-Balah i Stráice Gaza

Tá iarrtha arís ag Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe,Antonio Guterres go gcuirfí sos cogaidh i bhfeidhm láithreach idir fórsaí Iosrael agus Hamas.

I dtaifead físeáin a sheol sé chuig comhdháil deontóirí idirnáisiúnta sa Chuáit d'iarr an tUasal Guterres freisin go scaoilfí na gialla atá á gcoinneáil ag Hamas agus go gcuirfí leis an gcabhair dhaonnúil atá á tabhairt go Gaza.

Lean na hionsaithe aeir ó fhórsaí Iosrael aréir agus de réir na dtuairiscí ó Gaza maraíodh beirt dhochtúirí i gcathair Deir al-Balah.

Deir aireacht sláinte na bPailistíneach gur maraíodh ar a laghad 37 Pailistíneach sna hionsaithe inné.

Tá leidí láidre ann le roinnt seachtainí anois go bhfuil Iosrael ar tí ionradh talún a dhéanamh ar chathair Rafah agus iad ag ordú do lonnaitheoirí in oirthear na cathrach sin bailiú leo as an áit.

Tá an t-ordú aslonnaithe seo atá déanta ag Iosrael cáinte anois ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel.

Deir seisean i dteachtaireacht ar X go gcaithfeadh Iosrael cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus gan tabhairt faoin ionradh ar thalamh.