skip to main content

Na mílte páirteach sa tsiúlóid 'I dtreo an tSóláis'

'Ón dólás go sólás ar mhaithe le Teach Pieta agus eagraíochtaí eile
'Ón dólás go sólás ar mhaithe le Teach Pieta agus eagraíochtaí eile

Ócáid bhliantúil anois í agus ghlac na mílte páirt arís sa tsiúlóid ar a dtugtar 'I dtreo an tSóláis' (Darkness into Light) le breacadh an lae inniu.

Bhí an ócáid ar bun anseo agus i dtíortha eile ar fud an domhain mhóir.

Bailítear airgead ar mhaithe le seirbhísí a thugann cabhair do dhaoine atá go mór in ísle brí agus atá ag smaoineamh lámh a chur ina mbás féin.

Bailíonn an ócáid seo go leor airgid ar mhaithe le seirbhísí meabhairshláinte

Bhí an bailiúchán ba mhó daoine in Éirinn i bPáirc an Fhionnuisce,Baile Átha Cliath agus chuir siad tús leis an gcoisíocht ag a 4 a chlog ar maidin.

Suas le 10,000 duine a bhí páirteach ansin agus shiúil nó rith siad an 5 chiliméadar sula bhfacthas an ghrian ag bun na spéire.