skip to main content

Ordú faighte ag áitritheoirí imeacht as oirthear Rafah

Tuilleadh smionagair i Rafah i ndiaidh ionsaí aeir na hoíche aréir
Tuilleadh smionagair i Rafah i ndiaidh ionsaí aeir na hoíche aréir

Tá sé ordaithe ag fórsaí Iosrael do na mílte duine i gcathair Rafah i Gaza a gcuid áiteanna cónaithe a fhágáil in oirthear na cathrach.

Scaoil aerfhórsa Iosrael tuilleadh buamaí le Gaza thar oíche aréir.

Dúradh leis an lucht cónaithe dul chomh fada le ceantar Al-Mawasi, áit a mbeidh cabhair dhaonnachta le fáil dar leis na húdaráis in Iosrael.

Púir mhór deataigh ag teacht as foirgneamh i Rafah

Deir áisíneacht daonchabhrach na Náisiún Aontaithe,UNRWA áfach, go bhfuil an ceantar sin iomlán mí-oiriúnach.

Tá trúpaí Iosrael ag daingniú a ngreim ar na bealaí isteach go Rafah, leide láidir eile nach fada uainn ionradh talún.

Tá seilbh acu anois freisin ar an mbealach trasteorann leis an Éigipt, rud a chiallaíonn go bhfuil bac á chur ar sholáthairtí daonchabhracha.

Uachtarán Mheiriceá cáinteach ar stráitéis Iosrael i Gaza ach airm á gcur anonn ansin aige i gcónaí

Suas le 1.5m Pailistíneach atá ag iarraidh foscadh éigin ón gcogaíocht a fháil i Rafah, cuid mhaith díobh i ndiaidh teitheadh as láithreacha cogaidh eile i Gaza.

Bíodh is go bhfuil cáineadh déanta ag na Stáit Aontaithe ar iompar Iosrael sa chogadh seo, tá Rialtas Joe Biden ag coinneáil arm leo i gcónaí.