Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil sé "ina chath fíochmhar" in Oblast Kharkiv in oirthuaisceart na tíre tar éis d'fhórsaí míleata na Rúise iarracht as an nua a thabhairt ar an lámh in uachtar a fháil ar Arm na hÚcráine sa réigiún.
Ag preasócáid sa phríomhchathair, Cív, dúirt Volodymyr Zelensky go ndearna na Rúisigh mórionsaí talún gan choinne ar na hÚcránaigh le breacadh an lae ar maidin inniu ach mhaígh sé go rabhthas ag cur ina n-aghaidh go diongbháilte.
Dúradh freisin go raibh tuilleadh saighdiúirí brostaithe chun an cheantair le tacú leis na cosantóirí.
Thug urlabhraí ó Arm na hÚcráine le fios go ndeachaigh na Rúisigh ciliméadar chun cinn in aice le baile Vovchansk atá an-ghar don teorainn leis an Rúis agus dúirt go raibh sé mar aidhm acu na hÚcránaigh a bhrú siar suas le deich gciliméadar.
Bhí 17,000 duine ina gcónaí in Vovchansk roimh an gcogadh agus tuairsicítear go bhfuil a bhfuil fanta den phobal ann ag teitheadh ón mbaile mar gheall ar an gcath is deireanaí.
Cé gur ionsaí gan choinne a bhí ann, bhí leid tugtha ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an mhí seo caite go raibh gúm á chur ina shuí nuair a dúirt sé gur chóir crios maolánach – nó ceantar eadrána – a bhunú laistigh den Úcráin leis an Rúis a chosaint.
Ó rinne Vladimir Putin an ráiteas sin, tá ionaid éagsúla ar fud Oblast Kharkiv á mbuamáil ón aer go rialta ag na Rúisigh agus tá cuid mhór de bhonneagar cumhachta an réigiúin scriosta acu.
Deirtear go bhfuil fórsaí na Rúise ag dul chun cinn de réir a chéile chomh maith in Oblast Donetsk ó dheas ó Kharkiv.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ