skip to main content

'Ganntanas tithíochta ag cur as d'iomaíochas an gheilleagair'

'Is é an earnáil tógála an t-aon earnáil a bhfuil níos lú daoine ag obair ann ná mar a bhí roimh an gcúlú eacnamaíochta in 2008'
'Is é an earnáil tógála an t-aon earnáil a bhfuil níos lú daoine ag obair ann ná mar a bhí roimh an gcúlú eacnamaíochta in 2008'

Tá an margadh tithíochta sa tír seo, mar atá sé faoi láthair, ag cur as d'iomaíochas an gheilleagair, dar leis an gComhairle Náisiúnta Iomaíochais agus Táirgiúlachta.

San anailís is deireanaí atá foilsithe ag an ngníomhaireacht Stáit, maítear go bhfuil an ganntanas tithe ag baint an bhoinn ón bhfás eacnamaíoch agus ó leas an phobail.

Tugtar le tuiscint san anailís freisin gur fáinne fí atá sa scéal sa mhéid nach bhfuil dóthain oibrithe ann le tithe nua a thógáil mar nach féidir leis na hoibrithe sin áit chónaithe dá gcuid féin a fháil.

Deirtear gurb é an earnáil tógála an t-aon earnáil sa tír a bhfuil níos lú daoine ag obair ann ná mar a bhí roimh an gcúlú eacnamaíochta in 2008, é sin in ainneoin go bhfuil an daonra níos mó ná mar a bhí an t-am úd.

Gan riachtanais chóiríochta daoine a bhac, deir an Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais agus Táirgiúlachta go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an gceist de ghrá tithe atá ann cheana féin a iarfheistiú de réir na ndualgas idirnáisiúnta atá ar an Rialtas maidir le hathrú aeráide.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ