Tá thart ar 30 puball eile curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le taobh na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath.
É sin tar éis do na húdaráis 100 puball a bhí curtha suas san áit cheana a ghlanadh as an mbealach ar maidin inné agus na fir a bhí ag cur fúthu iontu a aistriú go dtí ionaid chónaithe eile i mBaile Átha Cliath.
Ina cheann sin, cuireadh suas bacainní ar dhá thaobh na canálach idir Droichead Shráid an Mhóta agus Droichead Huband inné le súil nach mbunófaí campa ann arís.
I gcaitheamh na hoíche, áfach, cuireadh suas 26 puball eile cúpla céad méadar siar ón áit sin sa stráice den chanáil idir Droichead Mhic Cartaine agus Droichead Shráid Líosain. Cuireadh suas ceithre phuball eile ar a laghad níos faide siar arís ón áit sin.
Tá an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta suite ar Shráid an Mhóta Íochtarach, cúpla céad méadar ó thuaidh on gCanáil Mhóir, agus is ann a théann fir ón iasacht le iarratas oifigiúil a dhéanamh ar thearmann a fháil sa Stát seo.
Is in ionad eile in Iarthar na Cathrach a dhéanann mná agus páistí iarratas ar thearmann.
De réir figiúirí a foilsíodh arú inné, tá 1,764 fear a tháinig isteach sa Stát ón Nollaig seo caite fós ag fanacht le lóistín a fháil.
Os a choinne sin, tá lóistín faighte ón Stát ag gach duine de na mná agus na páistí.
Tá daoine áitiúla thart ar Shráid an Mhóta ag achainí ar an Rialtas an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta a aistriú amach as an gceantar mar gheall go bhfuil na pubaill agus na scuainí fada taobh amuigh den oifig ag cur isteach ar an saol ansin, a deir siad.
Tá sé tugtha le fios ag an Rialtas, áfach, nach bhfuil sé i gceist an oifig a aistriú agus dúradh go bhfuil acmhainn bhreise curtha ar fáil d'fhoireann na hoifige le cuidiú leo an líon mór iarratas a fhaigheann siad gach lá a láimhseáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ