skip to main content

Iosraelaigh 'réidh le troid lena n-ingne' – Netanyahu

Toit ag éirí as ionaid a bhuamáil na hIosraelaigh in Rafah i ndeisceart Gaza, 10 Bealtaine 2024
Toit ag éirí as ionaid a bhuamáil na hIosraelaigh in Rafah i ndeisceart Gaza, 10 Bealtaine 2024

D'fhógair Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go raibh na hIosraelaigh "réidh le troid lena n-ingne" agus é ag tagairt don scéala nach gcuirfeadh Rialtas na Stát Aontaithe airm áirithe ar fáil dóibh dá ndéanfaidís mórionradh ar chathair Rafah.

Dúirt Benjamin Netanyahu freisin go raibh "i bhfad níos mó ná a n-inge amháin" ag na hIosraelaigh arae bhí "ardmhisneach" agus "cuidiú Dé" acu chomh maith.

Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden le fios arú inné nach gcuirfeadh na Meiriceánaigh airm áirithe ar fáil do na hIosraelaigh dá leanfaidís ar aghaidh leis an mórionradh atá beartaithe acu a dhéanamh ar Rafah i ndeisceart Gaza.

Is cosúil gur buamaí móra troma agus sliogáin airtléire na hairm atá i gceist.

D'admhaigh Joe Biden go raibh sibhialtaigh maraithe mar gheall ar bhuamaí a bhí tugtha ag na Stáit Aontaithe d'Iosrael cheana féin agus dúirt go raibh sé sin "mícheart".

Tá sé ráite go mion minic ag na hIosraelaigh nach féidir leo an cogadh in Gaza a bhuachan gan seilbh a ghabháil ar Rafah.

Is í an chathair sin dún daingean deireanach Hamas agus ní dhéanfar caithréim nó go gcuirfear an ruaig orthu, a deir na hIosraelaigh.

Tuairiscítear go bhfuil tancanna na nIosraelach ag brú chun cinn in Rafah agus go bhfuil seilbh gafa ag na cathláin sin ar an príomhbhóthar idir oirthear agus iarthar na cathrach.

Fágann sin, más fíor, go bhfuil oirthear na cathrach go hiomlán fáinnithe acu agus ceaptar gur gearr go rachaidh na saighdiúirí coise isteach ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ