Tá 30,027 duine ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh nó i lóistín éigeandála le haghaidh iarrthóirí tearmainn, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Lánpháirtíochta.
Sin 3,748 duine níos mó ná ag tús na bliana agus thart ar 10,000 níos mó ná an t-am seo anuraidh.
Léiríonn na figiúirí nua freisin gur tháinig 610 iarrthóir tearmainn isteach sa Stát an tseachtain seo caite, an líon seachtainiúil is mó ó thús na bliana.
Tá 21,414 iarrthóir tearmainn ina gcónaí i gceann de 236 ionad lóistín éigeandála ar fud an Stáit. Páistí is ea 5,137 acu.
Tá 6,836 iarrthóir tearmainn eile – ar páistí 2,131 acu – ina gcónaí i gceann de 49 ionad soláthair dhírigh agus tá 1,777 eile ina gcónaí san Ionad Náisúnta Fáiltithe i bhFionnghlas, sa Mhol Idirchónaithe in Iarthar na Cathrach nó i gceann de cheithre shuíomh campála.
Maidir le ceist na cóiríochta d'iarrthóirí tearmainn a réiteach i bhfad na haimsire, shocraigh an Rialtas i mí an Mhárta seo caite gan a bheith ag brath a thuilleadh ar an earnáil phríobháideach agus ina áit sin 14,000 leaba a chur ar fáil in ionaid nua Stáit atá le tógáil as seo go 2028.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ