skip to main content

'Plean soiléir' ag Éirinn an Phalaistín a aithint mar stát

Idir ailím is mhadar á mbreith leo ag Palaistínigh atá ag teitheadh ó Rafah, 8 Bealtaine 2024
Idir ailím is mhadar á mbreith leo ag Palaistínigh atá ag teitheadh ó Rafah, 8 Bealtaine 2024

Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach Simon Harris go bhfuil plean soiléir aige féin agus ag Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez maidir le aitheantas oifigiúil mar stát a thabhairt don Phalaistín.

Dhearbhaigh an Taoiseach gur phléigh an bheirt an cheist níos luaithe an tseachtain seo ach nár theastaigh uathu lá an chaighdeáin a chur os comhair an tsaoil fós.

Tuairiscíodh inné go raibh Éire, an Spáinn agus roinnt ballstát eile san Aontas Eorpach ag cuimhneamh ar an bPalaistín a aithint go hoifigiúil ar an 21 Bealtaine, sin seachtain ón Máirt seo chugainn.

Is le fonn tacaíocht mhorálta agus taidhleoireachta a thabhairt do na Palaistínigh i bhfóraim idirnáisiúnta atáthar lena gcríocha a aithint mar stát, a dúradh.

Mar leis an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza, tuairiscítear go bhfuil cathair Rafah i bhfíordheisceart na hiamhchríche á buamáil go trom ó mhaidin ag fórsaí míleata Iosrael.

Thug na hIosraelaigh iad féin le fios go raibh áiteanna eile níos faide ó thuaidh á mbuamáil acu freisin.

In agallamh a chuir CNN air inné, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go n-éireodh na Meiriceánaigh as airm áirithe a chur ar fáil do na hIosraelaigh dá leanfaidís ar aghaidh leis an mórionradh atá siad mionnaithe a dhéanamh ar Rafah.

D'admhaigh Joe Biden go raibh sibhialtaigh maraithe mar gheall ar bhuamaí a bhí tugtha ag na Stáit Aontaithe d'Iosrael agus dúirt go raibh sé sin "mícheart".

Tuairiscíodh inné gur choinnigh na Meiriceánaigh siar lasta mór buamaí a bhí siad le seoladh chuig Iosrael an tseachtain seo caite de bharr a míshásaimh lena bhfuil ar intinn ag na hIosraelaigh a dhéanamh in Rafah.

Ina dhiaidh sin féin, dhearbhaigh Joe Biden nach dtréigfeadh Meiriceá Iosrael.

Tá suíomh an tsaoil in Gaza ag dul in olcas an t-am ar fad. Gan trácht ar an easpa bia agus riachtanas eile, tuairiscítear go bhfuil an t-uisce i mbunáite na hiamhchríche truaillithe agus go bhfuil séarachas neamhchóirithe ag rith tríd na sráideanna ina shlaodanna.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ