Tá sé ráite i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nach bhfuil cóireáil ná cigireacht cheart á ndéanamh ag údaráis áitiúla ar dhabhcha séarachais agus go bhfuil dochar suntasach á dhéanamh don chomhshaol de bhíthin na faillí sin.
Tugtar le fios sa tuarascáil nach raibh bail mar ba cheart ar 45% den 1,189 dabhach séarachais a ndearnadh cigireacht orthu anuraidh.
Tá beagnach leathmhilliún dabhach séarchais ceangailte le tithe agus le hionaid eile nach bhfuil nasctha iad féin le córas poiblí séarachais.
Má bhíonn fabht i ndabhach séarachais agus má sceitheann baictéir agus ceimiceáin as, is féidir tobair agus aibhneacha a thruailliú agus daoine a chur i mbaol, gan trácht ar an díobháil is féidir a dhéanamh don chomhshaol.
Easpa cothabhála in uain agus i dtráth is mó is siocair le sceitheadh an ábhair urchóidigh, a deirtear.
Cuirtear i leith na n-údarás áitiúil sa tuarascáil nach bhfuil siad ag déanamh an oiread cigireachtaí agus atá siad in ainm a dhéanamh agus deirtear ann leis go mb'éigean treoracha dlíthiúla faoi seo a thabhairt do Chomhairle Contae Phort Láirge in 2022 agus do Chomhairle Chontae na Gaillimhe in 2023.
Ina cheann sin, deirtear cé gur tugadh fógra do bheagnach 600 úinéir tí i gcaitheamh an dá bhliain roimh 2023 nach raibh a ndabhcha séarachais deisithe ag na ndaoine sin idir dhá linn.
Tá deontas le fáil ón Rialtas le dabhcha séarachais a dheisiú.
Ardaíodh an deontas ó €5,000 go €12,000 i dtús na bliana seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ