Maraíodh fear sna fichidí agus gortaíodh beirt i dtionóisc bhóthair a bhí i gCo Mhuineacháin go moch ar maidin inniu.
Bhuail an gluaisteán a bhí an fear a thiomáint agus veain faoina chéile i Maigh na gCarbad ar bhóthar an N2 idir Baile na Lorgan agus Carraig Mhachaire Rois ag thart ar 6.15 ar maidin.
Bhásaigh an fear ar an láthair agus tugadh a chorp go dtí Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha i gCo Lú.
Gortaíodh fear eile sna fichidí a bhí sa ghluaisteán in éindí leis an té a maraíodh chomh maith le tiománaí an veain atá sna caogaidí.
Tá cóir leighis á chur ar an mbeirt in Ospidéal Mhuire Lourdes ach deirtear nach bhfuil a mbeatha i mbaol.
Bhásaigh buachaillín ocht mí dhéag – Hunter Molloy – tar éis do ghluaisteán é a bhualadh i gCo an Chláir go gairid roimh am lóin inné.
Tharla an tubaiste i gceantar cónaithe don lucht siúil ar Bhóthar Chuinche ar chiumhais thoir bhaile Inse ag thart ar 12.30 inné.
I gCo Fhear Manach, maraíodh fear sna tríochaidí nuair a bhuail an veain a bhí sé a thiomáint agus veain eile faoina chéile ar Bhóthar Chluain Eois sa Bhaile Nua at thart ar 6 a chlog tráthnóna inné.
Gortaíodh fear sna fichidí chomh maith sa tionóisc ach deirtear nach bhfuil a bheatha i mbaol.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ