Tá 168 iarrthóir tearmainn idirnáisiúnta a bhí ag baint fúthu i bpubaill i lár Bhaile Átha Cliath aistrithe go dtí ionaid chónaithe i ndeisceart agus in iardheisceart an chontae.
Bhí os cionn 100 puball curtha suas ag na hiarrthóirí tearmainn – fir ar fad – le hais na Cánalach Móre i ndeisceart na cathrach agus tá siad curtha as an mbealach anois ag oibrithe ó ghníomhaireachtaí éagsúla.
Tá bacainní curtha suas freisin san áit a raibh na pubaill i riocht agus nach féidir le daoine cur fúthu arís ann.
An Roinn Lánpháirtíochta, an Roinn Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Uiscebhealaí Éireann na gníomhaireachtaí éagsúla a bhí freagrach as na codanna éagsúla den obair – idir na pubaill a chur as an mbealach, an áit a ghlanadh agus na fir a chur ar bhusanna.
De réir figiúirí a foilsíodh inné, tá 1,764 fear a tháinig isteach sa Stát ón Nollaig seo caite fós ag fanacht le lóistín a fháil ón Stát. Sin 54 níos mó ná arú inné.
Os a choinne sin, tá lóistín curtha ar fáil ag an Stát do gach bean agus do gach páiste a tháinig chun na tíre agus a d'iarr tearmann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ